Cláracha bogearraí CrossWireTairgeann CrossWire Bible Society roinnt clár bogearraí Bíobla do PC/Linux/Mac/PDA, agus do idirdhreach Bible Tool cíorthóra lín. Do chláracha PC/Linux/Mac/PDA ar fáil ó CrossWire. Na cláracha dá gcuid is fearr ar PC is ea Xiphos agus BibleTime. ABN go scaoilfar éCé go bhfuil cláracha CrossWire ar fáil agus feidhmiúil do leaganacha eile den Bhíobla tá siad ag feitheamh le mionathruithe mar thaca do Bhíoblaí ina bhfuil leabhair Dheotacanónacha nó Apacrafa, dála ‘An Bíobla Naofa’. Cinntigh, le do thoil, anseo anois is arís, ar mhaithe le scéala faoi cathain a bheidh na huasdhátaí ar fáil. Idir an dá línn áfach tar éis an installú láimhe tá an 66 leabhar prótacanónach le feiceáil ar fhormhór cláracha CrossWirw faoi láthair. Installú UathoibreachCuireann gach clár ‘riarthóir áiseanna’ ar fáil trínar féidir módail Bhíobla ó laistigh den chlár a íoslódáil agus a installú go héasca ón idirlín. Féach na treoracha ar shuíomh idirlín nó áis chúnta an chláir i gceist. Installú LáimheTá módal ‘An Bíobla Naofa’ CrossWire ar fáil le hinstallú ó láimh fosta. Tar éis clár CrossWire a installú íoslódaigh an cód do An Bíobla Naofa. Oscail an cód íoslódálaithe agus cóipeáil cód ‘ABN’go láthair ina bhfuil fillteáin áiseanna eile ag: C:\Program Files\CrossWire\The SWORD Project\modules\texts\ztext Cóipeáil an cód ‘abn. conf’ taobh le cóid conf eile ag: C:\Program Files\CrossWire\The SWORD Project\mods.d Tá Bíoblaí Eile, Tráchtaireachtaí, Foclóirí, etc. ar fáil óna suíomhanna anseo. |
