Language / Teanga

  • Gaeilge
  • English

Roghchlár

  • Baile
  • e-Sword
  • Go Bible
  • CrossWire
  • PDF
  • Nótaí
  • Tacaí

e-Sword

Is dócha gurb é e-Sword an clár bogearraí Bíobla saor is mó ar bhfuil tóir faoi láthair.

Cniog anseo le suíomh idirlín e-Sword a fhiosrú. Cniog ar lch 'Íoslódáil' chun an clár a íoslódáil.

 

e-Sword

Úsáid e-Sword faoi mheán na Gaeilge

Is féidir e-Sword a úsáid trí mheán na Gaeilge ach an cód 'e-Sword GUI Localization' ón leathanach 'Íoslódálacha' a íoslódáil agus a installú.

Le malairt teanga a fháil sa chlár cniog ar: Options > Language > Gaeilge

'An Bíobla Naofa' do e-Sword

Tá ‘An Bíobla Naofa’ ar fáil do e-Sword sna cóid seo a leanas.

Modal Bíobla ina bhfuil téacs leabhair an Bíobla.
Modal tráchtaireachta ina bhfuil na réamhráite do leabhair in ‘An Bíobla Naofa’.
Módal foclóra ar comhchordacht é de na véarsaí ina n-úsáidtear focail ar leith Gaeilge (seachas mionfhocail comónta). Is cruinne é seo ná an fheidhm cuardaigh do mhódail ina mbíonn comharthaí idirdhealaithe (e.g.fada, macron).

Cniog le cód ZIP ina bhfuil na cóid e-Sword a íoslódáil:

Nuair a bhíonn na cóid seo íoslódálta cuir i bhfillteán sealadach iad, Bain feidhm as áis chuí ZIP nó deaschniog an cód ZIP agus roghnaigh ‘Tóg iad uile …as’ má tá ar fáil. Cuir  i  bhfillteán chlár e-Sword iad ar C:\Program Files\e-Sword nó C:\Program Files (x86)\e-Sword
Seol e-Sword agus cniog ar ABN sna dréachtaí sa Bhíobla, sa Tráchtaireacht, nó  san Fhoclóir  le iad a fheiceáil.

Nóta: Le na réamhráite do leabhair a fheiceáil cniog ar an dtab ABN ar an Tráchtaireacht, ansin cniog ar Geineasas, ansin ar chaib. 1. Ba chóir go mbeadh an chéad réamhrá le feiceáil. Chun na réamhráiite eile a fheiceáil cniog ar an icon ‘An Chéad Tráchtaireacht eile.arís is arís eile agus tú i nGeineasas 1:1.

Nóta: Is don leagan reatha de e-Sword (v9+). Iad siúd a bhfuil leagan níos aosta acu (v8 agus roimhe sin) íoslódálaidís an leagan aosta anseo.

(Nóta: agus tú ag baint feidhm as "Cóipeáil véarsaí" bí cinnte go bhfuil an bosca "Cruthú na litreach" roghnaithe, i dtreo is go gcóipeálfar gach uaschamóg agus comhartha athfhriotail.)

Aistriúcháin eile ar an mBíobla etc.

Tá a lán foinsí eile ann do e-Sword, ó aistriúcháin eile den Bhíobla, Tráchtaireachtaí, Foclóirí agus breis. Ar leathanach 'Íoslódálaithe' e-Sword cniog ar na ceangail faoin teideal ‘Íoslódálaithe ‘ le hiad a fheiceáil. Tá a bhformhór in aisce, ach tá beagán nach mór a cheannach roimh iad a íoslódáil.

Lucht úsáidte e-Sword agus na foinsí a ghineadar

Is buntáiste a bhaineann le húsáid e-Sword go bhfuil a lán úsáideoirí ar fud an domhain ar féidir leo cabhrú trí ghrúpaí úsáideoirí e-Sword: Lucht úsáidte e-Sword nó Grúpa Úsáideoirí e-Sword.

Tá fosta a lán foinsí tiontaithe go foirm e-Sword ag úsáideoirí. Cniog anseo do bhreis eolais.

 

© CGCF 2012