Language / Teanga

  • Gaeilge
  • English

Roghchlár

  • Baile
  • e-Sword
  • Go Bible
  • CrossWire
  • PDF
  • Nótaí
  • Tacaí

Cóipcheart

An Bíobla Naofa copyright  1981 An Sagart. Úsáidtear le cead.

Ni miste téacs An Bíobla Naofa a ailléidiú in aon fhoirm (scríofa, infheicthe, leictreonach, nó inchloiste) suas go cúig céad véarsa go cuimsitheach gan cead cinnte scríofa an fhoilsitheora, ar choinníoll nach níos mó ná 25% den saothar ina n-ailléidtear iad na véarsaí sin agus nach ailléidtear leabhar iomlán den Bhíobla. Is gá cead scríofa ó An Sagart, An Díseart, An Daingean, Co. Chiarraí, Éire, d’athfhriotal breis is cúig céad véarsa nó oiread is a bheadh níos mó ná 25% den saothar, nó iarratais eile do chead.

Is féidir módail de An Bíobla Naofa a scaipeadh  go saor.

Roinnt i véarsaí: Athruithe véarsaí

Ní oireann aon chóras tábhachtach roinnte i véarsaí do An Bíobla Naofa (ABN). Roghnaíodh dá réir sin KJVA. Ós rud é go n-úsáideann aistriúcháin difriúla córais beagáinín difriúla ag áireamh na véarsaí, is gá ar uairibh iad sin a thabhairt chun réitigh nuair a bhíonn siad á gcur i struchtúr caibidil/véarsa i mbonn fáltas cláracha bogearraí. Ní ghoilleann sin ar ionracas an aistriúcháin.

Nuair a bhíonn an téacs leata thar níos mó nó níos lú véarsa ná mar a cheadaíonn an bogearra, e.g. Salm 4, cuirtear an téacs sna caibidlí agus sna véarsaí cuí. Ach i ngach cás taispeántar uimhriú bunaidh na véarsaí i lúibíní. Dá bharr sin is macasamhail de aistriúcháin Bhéarla ar an tagairt chéanna Bíobla téacs ABN.

Nuair nach mbíonn uimhriú na véarsaí leanúnach i ABN, déantar leanúnach é sa mhódal, agus liostáltar an t-uimhriú bunaidh freisin agus ‘ABN’ roimhe, e.g. Irimiá 10.

Roinnt i véarsaí—Athruithe Leabhar

Chomh maith leis na hathruithe in uimhriú agus in ord na véarsaí luaite thuas, tá coda de leabhair ar ghá a chur i ranna difriúla i roinnt scéimeanna uimhriú véarsaí. Ní bhaineann sin ach le beagán den abhar deotracanónach—na breiseanna deotracanónach de Dhainéil, agus Eistir. Níl aon chuid den Nua-Thiomna i gceist. Thíos tá liosta de na hathruithe a éilíonn na cláracha bogearraí.

e-Sword

Níl aon athruithe ábhair laistigh de Leabhar Dhainéil agus Eistir.

CrossWire agus Go Bible

Dainéil 3:24-90 -> Paidir Azaría (CrossWire), Amhrán na dTrí n-Ógánach (Go Bible)
Dainéil 13:1-64 -> Scéal Shussana
Dainéil 14:1-42 -> Scéal Bheil agus an Dragún
Eistir 11:1 -> Eistir Ghréagach 11:1
Eistir 10:3a-j -> Eistir Ghréagach 10:4-13
Eistir 1:1a-q -> Eistir Ghréagach 11:2-12:6
Eistir 3:13a-g -> Eistir Ghréagach 13:1-7
Eistir 4:17a-x -> Eistir Ghréagach 13:8-14:19
Eistir 5:1a-2b -> Eistir Ghréagach 15:1-16
Eistir 8:12a-v -> Eistir Ghréagach 16:1-24a
Eistir 9:19a -> Eistir Ghréagach 16:24b
Eistir 4:8a-b -> Eistir Ghréagach 16:24c

 

Nóta: Níl aon athruithe in uimhriú na véarsaí i gcóid PDF mar nach bhfuil siad  i bhfoirm bogearraí  Bíobla.

Nóta: Ag athfhriotal ABN déan deimhin de le do thoil go n-úsáideann tú uimhriú bunaidh  ABN do na véarsaí. atá á dtaispeáint i lúibíní más ann dóibh.

 

Do bhreis eolais feic Wikipedia: Books of the Bible agus Deuterocanonical books

 

 

© CGCF 2012